Is tionscnamh cothúil, trasnáisiúnta thar tréimhse dhá bhliain é REFLECT a chuireann chun cinn an tabhacht eacnamaíoch (agus na deiseanna do ghluaiseacht i bhfostaíocht) a bhaineann le scileanna teangeolaíochta ar fháil. Tá cuid den airgead don tionscadal curtha ar fáil ag an gCoimisiún Eorpach agus tá sé curtha in áirithe go speisialta chun aidhmeanna Eorpacha a threisiú, mar shampla: comórtasaíocht i gcomhlachtaí Eorpacha a fheabhsú tré léirmheasanna agus mheasúnú teangeolaíochta a chur i bhfeidhm, riachtanais cultúrtha a shoiléiriú agus cumas agus easnamh scileanna teangeolaíochta sa Bhreatain (U.K.), in Éirinn, sa Phólainn agus sa Phortaingéil a shoiléiriú . Cuirfidh an tionscadal REFLECT straitéisí ar leith chun cinn atá in oiriúint do gach tír.
Cuirfidh REFLECT chun cinn do SME's an tabhacht ar leith a bhaineann le scileanna teangeolaíochta-agus cuirfear an t-eolas seo ar fáil trí na seirbhísí seo a leanas atá á fhorbairt againn:
  • Seirbhís ríomhphoist as Béarla, i bPortaingéilis agus i bPolainnis
  • Leabhrán eolais/tagartha a fhoilsiú i gceithre theanga-Gaeilge, Béarla, Portaingéilis agus Polainnis
Is iad aidhmeanna an tseirbhís ná:
  • Coincheap an iniúchadh teangeolaíochta a chur chun cinn-agus an iniúchadh teangeolaíochta a úsáid
  • Scileanna teangeolaíochta a chothú chun fás eacnamaíochta agus soghluaiseacht eacnamaíochta a chothú
  • Eolas agus foinsí tacaíochta teangeolaíochta a chur in iúl do chomhlachtaí
  • Torthaí, anailísí agus moltaí bunaithe ar an suirbhéé ar riachtanais agus straitéisí teangeolaíochta, a fhoilsiú
Is tionscadal thar tréimhse dhá bhliain é REFLECT. Cuireadh tús leis i Mí na Nollag, 2000. Críochnófar an tionscadal i Mí na Nollag, 2002.
 
 

Dearadh : interesource group